Dónal Ó Maoláine – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Téamaí

Dónal Ó Maoláine

Idir Caiseal agus Úrchoill a tharlaigh domh an cúlfhionn
Is í go ró-mhúinte gabháil tharam in sa ród
Rug mé greim cúil uirthi agus leag mé ar an drúcht í
Agus d’fhág mé an croí brúite aici ag sileadh na ndeor.

Bliain ón lá sin tharlaigh orm an stáidbhean
Is í go ró-staidiúil gabháil tharam in sa ród
Rug sí greim láimh orm agus chuir sí romham fáilte
Is caidé mar atá do shláinte, a ógánaigh óig?”

“Seo litir ó m’athair is beannacht ó mo mháthair
‘S bí ag teacht chun na háite seo feasta níos mó
Gheobhaidh tú na táinte agus ór buí ina mhámaí,
Ach mise a bheith ar láimh leat an fhad is bheas tú beo.”

“Órú, leoga, maise a pháiste, ba doiligh dom a rá leat,
Sin athrú nach ndéanfainn ar chúig mhíle bó,
Ach ab é go bhfuil mé geallta le bliain mhór is ráithe
Leis an iníon sin do chlann Uí Dhálaigh as Contae Mhaigh Eo.

Órú imigh agus déan sin, dheamhan a miste liom fhéin é,
Ní folamh atá Éirinn tá fir eile le fáil
Is feasach domh céile nach n-iarrfaí bhfuil spré liom
Ach glacadh mé mo léine – cé nach folamh atáim.

Ar an bhaile seo den chúilfhionn sí an mhaighdean dheas mhúinte í
Sí an bhruinneall a ba suáilcí dá dtáinig ó mhnáibh,
Sí mo shearc í, sí mo rún í, sí m’ansacht go buan í
Sí an samhradh san fhuacht í idir Nollaig is Cáisc.