Thart síos go deo má théann tú
Amhránaí
Téamaí
Thart síos go deo má théann tú
Nuair éirím-se ar maidin uaigneach
Ag breathnú uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag cuimhniú ar mo chúilín dualach
A d’fhág an arraing ag goil thrí mo lár
Tá mo chroí istigh ina leaca gual dubh
Gus ní le fuath ort é a mhíle grá
Ach fé brí óigfhear a thiúrfadh uaim thú
Go ndéantar fuaigh dhó ’gus cónra cláir.
Thart síos go deo má théann tú,
Tabhair na céadaí beannacht uaim,
Ag mo dheaidí ‘gus ag mo mhuintir,
Nuair a bheas siad uilig cruinn.
Ná dearmad go deo an aoileann
A mbínn agus í seal ghá’ lua,
A bhfuil a com cailce mar an aol ann
Agus an lasadh aoibhinn a bhí ina grua.
Tá mo stocaí agus mo bhróga
Ar fad stróicthí liom síos
‘S mo chéad-chuilthín phósta
Ar an uainín le sníomh
Tá ’n tinnteán dhá thógál
‘S níl an fheoirling dhá íoc
‘Sé mo léan géar, a mhíle stóirín,
Gan mé ’s tú óg seal aríst.
Dhá mbeinnse agus mo mhíle stóirín
Ar maidin Domhnaigh go cé lér miste
Ag seoladh a gcuid bólaigh
Gus dhá dtabhairt chuig a mblite!
Go dtaga’ croí glas ar an eorna.
‘S go dtosuí ‘n fómhar a’ goil ‘un finne
Nach lách deas an rud é ’n pósadh
‘S i ndiaidh na hóige ‘tá mise.
Ó ’s nach galra bocht claoidhte
Do-dhíbeartha ‘n grá!
Agus a’ té gurb ‘air a mbíonn sé
Ní bhíonn a chroí slán.
Thiúrfainn-se ar an mBíobla
‘Gus bíodh sé in mo láimh,
Go mb’fhearr liom a bheith bliain i bpríosún,
Ná bheith ag dlíú leis na mná.
Tá na páipéir dhá saighneáil
‘S tá na saighdiúir a’ goil anonn
‘S tá dháréag de na drumadóirí
De chlainne Gael ag goil go tír na long,
Dhá mbeadh agam is duit a bhéarfainn
Cúig chéad agus míle bó
Mar shúil is go mbeitheá i t’fhéirín a’m
I gCondae Mhaigh Eo.
Dhá mbeadh cúirt agam agus caisleán
Ní bheadh seachrán ar mo ghrá
Bheadh ór buí ina pócaí
Agus airgead bán
Is mise fhéin nár dhúirt ariamh leat
“Fág a’ saol agus ná bí ann”
Ach i ‘gcónaí, i gcónaí, mo chuid den tsaol thú
A chúilín stíomnach an bhrollaigh bháin.