Lá Fhéile Pádraig – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
Téamaí
Lá Fhéile Pádraig
Bhíos lá ‘Le Pádraig im shuí i dtigh tábhairne,
‘S bhí cuileachta álainn le m’ais ag ól,
Bhí maighre mánla na gcuacha bána
A súil mar airne is a grua mar rós.
Bhí dís driothár ann ina suí os ceann cláir ann
Thug searc is grá don réalthan óg.
Fear súiste is rámhainne, is máistir scoláirí
A scrígh a lán is a léigh go leor.
Labhair gach n-aon acu do pháirte fhéinig
Á mholadh fhéin leis an réalthan óg
Féachaint arbh fhéidir í a mhealladh in aon chor
Le comhrá béil nó le buaileadh ar bord.
Labhair an spéirbhean mhodhúil thais néata
Ní mholfainn fhéin an té is áille snó,
Ach an té gur léir leis mo chríoch a dhéanamh
Is é ba mhéin liom theacht im threo.’
“Is sinne a mhúineann na sagairt chlúmhail
Is na bráithre scrúdaithe is a théann ‘dtí an bhFrainc,
Lucht dlite a mhúscailt go doimhin i gcúirtibh,
Is gach dochtúir acu a dheineann leigheas;
Im wig bíonn púdar, im bhróig bíonn búcla,
Is deas mo thriús is mo Charoline,
Ag síor-ól branda a bhím gan amhras
Nuair a bhíonn an bhrúid bhocht is ag rómhar go doimhin!”
“Ó gabhaim na céachta agus treabhaim a’ réidhchnoc
Is beathaím fhéinig a ndúraís fós
‘Sé páirt dhem shaothar an chruithneachta chraorach
Is an eorna a dheineann dúinn branda is beoir,
Nuair a théim ‘dtí an aonach bíonn feirc im bhéabhar
Is ró-bhreá a thaoscfainne an puins ar bord
Nuair a bhíonn an t-éan so ag siúl na hÉireann
Is a chleití ghéanna mar phas ina dhóid!
Cois farraige siar mar a gcónaím sealad
Mar a ngabhann gach maith le fánaidh;
Breac mear lúfar is maighreáin slaite
Agus fonsa is feac na rámhainne;
Cailíní óga, gleoite, deasa
Chiúin, tais, banúil, náireach,
A sláinte dhá ól ar bord i dtigh leanna
Agus cé ná tabharfadh grá dóibh?