An tSean Úna Bhán – Sean Nós

An tSean Úna Bhán

A Úna Bhán nach gránna an luí sin ort,
I do leaba chaol chláir i measc na dtáinte corp,
Mar a dtige tú le fóir orm a staid bhean a bhí riamh gan locht,
Ní  thiocfaidh mé an turas go brách ach an oíche anocht.

Is a Úna Bhán ba rós i ngáirdín thú,
Ba chláirseach an cheoil romham sa mbóthar thú,
Ba ceiliúr is ba cheolmhar ag gabháil an bhealach seo romham thú
Mo léan dóite níor pósadh le do ghrá geal thú.

‘S tá an sneachta seo ar lár is é dearg le fuil,
Ach samhail mo ghrá ní fhaca mé in áit ar bith,
Féachaidh-se  a mhná cé acu ab fhearr ná an t-ochón sin,
Aon ghlao amháin dul ó Áth na Danóige.

‘S dhá mbeadh píopa fada cailce agam‘s tobac ‘bheith ann,
Tharraingeoinn amach é is chaithfinn de mo sháith,
‘S maith a d’inseoinnse dhaoibhse, cé gcónaíonn Úna Bhán,
I gCill Bhríde i gcríche Mháthail, mo chreach ‘s mo chrá.

Má scrúdaigh thú a Úna Nic Dhiarmada Óig,
An chéad  scoth de  na mná buartha is a Brianach  Óg
Do bhéal mar a bhfuil siúcra, an leamhnacht  ‘s an fíon ar bord
Do chois lúfar a shiúlfadh go fíor i mbróig.