An Cailín Rua – Sean Nós

Téamaí

An Cailín Rua

Dá mbeinnse i mbliana mar a bhí mé anuraidh,
Teach beag bheith agam a’ chois an chuain,
Chuirfinn mo bhád amach ar an tSionainn
Agus bhéarfainn na bhaile mo chailín rua.
Thug mé liom í ó bhaile go baile
Fríd Bhaile Átha Cliath chun na ngeaftaí crua
‘S chan fhuil aon mhíle ó d’fhág mise an baile
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua.

Nach doiligh domhsa mo chailín a mholadh,
Ní hé é mar bhí sí rua,
Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní,
Is bhí scéimh mhná na Finne le mo chailín rua.

Bhí ceann gruaige léi síos go talamh
Agus barr ar a bhfinne go dtug sise bua;
Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh
Togha na gcailín mo chailín rua.
 
Ó, dá mbéinnse chomh saibhir is a bhí mé anuraidh
Thógfainn teach ar an chnoc údaí thall
Fíon agus ór, is iad a bhéarfainn do mo stór,
Is bhéinn ag dul hallaí bána le mo chailín rua.

Tug  mé liom í ó bhaile go baile
Ach ba doiligh a mealladh cionn is go raibh sí rua
Is thug sí uaim mo ‘jug’ mhaith leanna
Cúradh a craicinn ar an stánaí rua.

B’fhearr liom í ná bó is ná bearrach,
Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain,
B’fhearr liom arís na cíos Chluain Meala,
Go mbeinn is mo chailín i mBaile Átha Luain.
 
Chuir mé mo chailín go margadh Shligigh,
Ba é sin féin an margadh bhí daor,
Bhí scilling agus punt ar an mheánpheicín ime,
Is go dtug mé sin le fuinneamh do mo chailín rua.

Chuaigh sí siar agus bróga breac’ uirthi,
Ribíní glasuaithne teannta inagr uaig,
Is d’éalaigh sí uaimse le buachaill an tsiopa,
Is a Rí nár dheas í, mo chailín rua.