Mal Dubh an Ghleanna – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
Téamaí
Mal Dubh an Ghleanna
Tá bó agam ar shliabh
‘S nach fada mé ina diaidh
Nó gur chaill mé mo chiall dhá tóraíocht
Dhá seoladh soir is siar chuile áit dhá dtéann an ghrian
Nó go bhfillfeadh sí abhaile tráthnóna.
Is nuair a bhreathnaím féin anonn san áit a mbíonn mo rún
Ó sileann ó mo shúile sruth deora
Ach a Rí ghil na nDúl den fuascailt ar mo chúis
Mar sí Bean Dubh an Ghleanna a bheoigh mé.
Sí Mal Dubh an Earraigh
Sí Mal Dubh an Ghleanna
Sí Mal Dubh is deirge ná an rós í.
Ach dhá bhfaighinnse mo roghain de mhná óga deasa ar domhain
‘Sí Mal Dubh an Ghleanna a thógfainn.
Ó is gheobhainnse bean de Línseach is bean eile de Fhrinnseach
Is bean a mbeadh dhá chéad bó léi.
Ach sí bean na mbúclaí buí a chráigh go mór mo chroí
Is mo chúig chéad slán go deo léi.
Is tá iníon ag an Línseach, nach í atá go péacach
Dom iarraidh-sa a fháil le pósadh
Ach dá bhfaighinn-se féin mo rogha ar mhná óga dheasa an domhain
Sí Bean Dubh an Ghleanna a thógfainn.
‘Gus siúd é thiar mo theach is gan de dhíon air ach an scrath
Is é tógtha ar leath thaobh an bhóithrín
Is nach críonna a bhíonn an bheach
Nuair a dhéanann sí a nead
Le grian ‘gus le teas an tSamhraidh.
Is nuair a chríonann an tslat ní fhanann uirthi meas
Ach a súil leis an gcraoibhín is airde
Is a chailín álainn deas ar chaill mé leat mo chiall
Mo chúig chéad slán go deo leat.
Sí Mal Dubh an Earraigh
Sí Mal Dubh an Ghleanna, Sí Mal Dubh is deirge ná an rósa
‘S dhá bhfaighinnse fhéin mo roghain ar mhná óga deasa an domhain
Sí Bean Dubh an Ghleanna a phósfainn.