Thíos ag an Tobar – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Thíos ag an Tobar

‘S thíos ag an tobar ’sea chuir mise an fáinne amú, 
’S dhearc mise an ainnir ba dheise agus ba áille snua, 
Bhí a grua thrí lasadh ’s a leicne ar dhath na n-úll, 
’S má mheall sise mise níor lig mé mo shláinte amú.

Is nach postúil chuir t-athair leat capall ag tóraíocht mná 
Is leagadh faoi bhealach í is briseadh a croí ‘na lár 
‘S ar fhilliúint abhaile dhom chonaic mé an fiach sa ngleann 
Is ag Dia go raibh m’ anam má chaill mé mo chiall le mná.

‘Gus a tháilliúir a’ mhagaidh nach postúil a d’iarr tú bean 
Gan lúib ná pota, cró, áras ná teach 
Ach do shiosúr is do mhiosúr is tú ag imeacht faoin tír amach 
Is tú do luí cois dorais ag feadaíl ‘s a ruaigeadh cearc.

’S a tháilliúirín suarach ní phósfaidh mé thú mar fhear, 
Ach pósfaidh mé an talmhaí a dhéanfas go domhain a theach, 
Éireos ar maidin ’s a chraitheas an síol i gceart, 
’S a Dhia is a Mhic Dara tabhair domsa céile ceart.

Is céad slán feasta do sheachtain san oíche aréir 
Bhí mo ghrá ar an leaba liom, is thosaigh sí ag inseacht scéil 
Bhí sí óg aigeanta is mheall sí m’intinn léi 
Siad na mná a mharaigh mé ‘gus fada gur insíos é.

Is gabhfaidh mé go Gaillimh go gceannóidh mé túirnín lín 
Tabharfaidh mé abhaile é gur sníomhfaidh mé písín caol 
Cuir mise an rós ‘gus tháinig bruth rua ar an líon 
Is mo bhrón ar an ainnir a rinne cíor thuathail dhíom.

Is nach trua sin searrach ar iomaire ghlas gan féar 
Is nach trua sin leanbh gan bainne cíche a máithrín fhéin 
Nach trua sin ainnir ar leaba gan a grá bheith léi 
‘S nach mise an trua Mhuire is mé scaradh amárach léi.