Amhrán Mhaínse – Corn Uí Riada 2014

Amhrán Mhaínse

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige
Nó i sléibhte i bhfad ó thír
Gan aon neach beo i mo ghaobhar ann
Ach an raithneach glas is fraoch
An sneachta dhá shéideadh anuas orm
An ghaoth dhá fhuadach dhíom
Is mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán
Ní b’fhada liom an oíche’.

‘Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé?
Tá an geimhreadh seo teacht fuar?
‘Mhuire dhílis, céard a dhéanfas
An teach seo nó a bhfuil ann?
Nach óg a stór gur imigh tú
Le linn na huaire breá
Le linn don chuach a bheith ag seinm
Is gach duilliúr glas ag fás.

Má bhíonn mo chlann sa mbaile agam
An oíche a bhfaighinnse bás
Nach dtórróidís go fiúntach mé
Trí oíche agus trí lá.
Le píopaí geala cailce
Is na ceaigeannaí is iad lán
Go mbeadh triúr ban óg ó shléibhte anuas
Le mé a chóiriú os cionn cláir.

Is gearraidh amach mo chónra dhom
As fíorscoth gheal na gclár
Má tá Seán Ó hEidhin i Maínís
Bíodh sí déanta uaidh na láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín thíos inti,
Iad go ró dheas faoi mo cheann,
Go dtabharfaidh Páidín Mór go Maínis mé
Nó is garbh a bheas an lá.

Goil síos thrí Inse Ghainimh dhom,
Bhí an bratach ins an gcrann
Ná  go Leitir Calaidh mé
Mar ní ann atá mo dhream;
Ach tabhairí  siar go Maínis mé
San áit a chaoinfear mé go breá
Mar beidh soilsí ar na dumhachannaí
Is ní bheidh uaigneas orm ann.