An Bonnán Buí – Corn Uí Riada 2017

Téamaí

An Bonnán Buí

A Bhonnáin Bhuí bhocht, sé mo thrua thú sínte
Is do chnámha luíte faoi bhun na dtonn
Is do ghob ‘s do scornach ar dhath an óir bhuí
‘S do bhéilín ró-dheas faoi leaca lom.
Dá gcuirfeá scéala faoi mo dhéinse
Go raibh tú i ngéibheann leis an tart ar ball
Óra bhainfinn géimneach as leac Loch Éirne
D’fhliuchfadh do bhéal ‘gus do chroí in do lár.

Ní bó ná caoirigh atá mé a’ chaoineadh
An londubh an chéirseach ná an t-éinín glas
Ach mo bhonnán buí bocht a bhí lán de chroí
Is gur cosúil liom péin é as a shnua is a dhath.
Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí
Agus deir siad go mbímse amhlaidh seal
Ach deamhan deoir gá bhfaighinnse nach scaoilead síos é
Ar eagla ‘s go bhfaighinnse bás le tart.

Agus dúirt mo bhean liom ligint don ól
Mar nach mairfinn fhéin beo ach seal beag gearr
Séard a dúirt mé léi go raibh sí bréagach
Mar gurbh fada ar mo shaol an deoch úd fháil.
An bhfeiceann sibh éan a’ phíobháin réidh
A chuaigh in éag leis an tart ar ball.
Ach a chairde Gaeil, ólaigí a bhfaighidh sibh
Mar deor ní bhfaighidh sibh tar éis a mbás.

‘Gus beidh an lá amárach mar an Domhnach
Is beidh mo phócaí fhéin fann go leor
Óra siad mná an ósta a chruth go mór mé,
Ach le méid a d’ól mé a liath mo cheann.
Níl ní dhá bhreátha anuas uaidh an Ardrí
A dtabharfainn air breith nó go bhfaighinn dhe braon
Ach a Rí na nGrást nach mór an feall é
Nach dtug tú fhéin fáil dom de réir mo chroí.