Gréasaí na sálaí arda – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Gréasaí na sálaí arda

Is ní go ghréasaí na sálaí arda, ar thug mé grá ariamh ná taitneamh,
Ach don bhuachaillín bán dheas a raibh búcla buí ina hata.
Dheamhain ar b’fhada liom ariamh an oíche a mbeinn ag comhrá leat i dteach na leanna.
Ach sé t-intinn agus do cháilíocht a fhágadh fán orm ‘s mé i bhfad ó bhaile.

‘S nach dílleachta bocht mé gan máthair ná athair,
Nó an bhfuil aon neach beo in Éirinn a dhéanach éagóir ar mo mhac i samhail.
Mar ní léir dhom na cros bhóithre mar tá na deora go mo dhalladh.
Ach ní dóigh dhuit do leas a dhéanamh ná dul ar aon chur go cúirt na bhflaitheas.

‘Gus ag dul thrí Bhleá Átha Cliath dhom ar an gceathrú lá don Earrach.
Cé a d’fheicinn ach mo mhíle stóirín, is é ag teacht romham ins na bóithre cama.
Cá mbíonn tú ar do lóistín nó cá gcónaíonn tú ag a’ baile,
Nach tí Mr Kelly atá mo lóistín, is nach gcónaím in lorras Aithneach.

Níl an t-ór buí i mo phócaí ná na corónacha glasa.
Is dá mbeadh mo chlú in ann dhom, cén t-ionadh mé a bheith folamh.
Mura dtaga tú go ciúin sibhialta agus cónaí liom ar feadh scaithimh.
Nach mbeidh mo chónra dá déanamh go cinnte go luath is ní fada.