Amhrán Rinn Mhaoile – Corn Uí Riada 2015

Amhrán Rinn Mhaoile

‘Gus scríobhfainn agus léighfinn leabhra Gaeilge cé gur milis a blas.
‘Gus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire glas
Dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc ‘gus bhréagfainn í seal
Ach fear ar mo thréartha dheamhan b’fhéidir nó d’éalódh leis bean.

‘S tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cur na tine seo síos do mo mhian is dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Tá na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

‘Gus gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl
Agus gheobhaidh mé dhá bhás le grá don chois atá fút
Gheobhad trí bhás má fhaigheann aon fhear eile uaim thú
Cúl taitneamh gan smál, mo chrá má cheilimse thú.

Is nár fhaigh mé bás choiche nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó ‘ainn ‘gus caoirigh ‘s mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg insan tír seo cur eadrainn gach aon dara lá
Is nár fhaigh sí bás choíche go mbeidh sí ag caoineadh ‘gus mise ag mo ghrá.

‘Gus tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig
Tá siad dhá rá gur tú béilín deas milis na bpóg
Tá siad dhá rá a mhíle grá go dtug tú dhom cúl
Ach nár fhagha siad grásta má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.