Brídín Bhéasaigh – Sean Nós

Téamaí

Brídín Bhéasaigh

Phósfainn Brídín Bhéasaigh
Gan cóta, bróig ná léine,
‘S a stór mo chroí, dhá bhféadfainn é,
Go dtroiscfinn leat naoi dtráth,
Gan bia gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn mé agus tú bheith in éindí,
Le go réiteodh muid ár gcás.

Is a ghrua ar dhath na gcaorthann,
‘S a chuaichín bharr an tsléibhe,
Do ghealladh ná déan bréag liom
Ach éirigh roimh an lá,
‘S in ainneoin dlí na cléire
Go dtógfainn thú mar chéile,
Is a Dhia nár dheas an scéala sin,
Duine ag éalú lena ghrá.

Ó gheit mo chroí naoi n-uaire
‘Gus scanraigh mé le buaireamh
An mhaidin úd a chuala mé
Nach raibh tú romham le fáil,
 ‘S a liachtaí lá faoi shuairceas
 Chaith mé ‘gus tú ar uaigneas,
Is gan neach ar bith ár gcumhdach
Ach an crúiscín ‘s é ar an gclár.

‘S dhá bhfaighinn amach do thuairisc,
Dhá dtéitheá go bun na Cruaiche,
Ó rachadh an scéal ró-chrua orm
Nó leanfainn de mo ghrá,
‘S go mb’fhearr liom a bheith sínte suas leat
Gan fúinn ach fraoch nó luachair
Ná bheith ag éisteacht leis na cuacha
Is iad ag ceol gach maidin bhreá.

Sé ábhar m’osna ‘s m’éagaoin
Gach maidin cheo á n-éirím,
A chúl na lúb ‘s na bpéarlaí
Nach tú bhí dhomsa i ndán,

‘S ní iarrfainn ort mar fhéirín
Ach mé agus tú a bheith in éindí,
In áit eicínt inár n-aonar
Le go leagfainn ort mo lámh.

Sheinnfinn ceol ar théada
Go binn le barr mo mhéara,
Thréigfinn mná na hÉireann ort
Is leanfainn thú sa snámh
‘S dhá mbeinn mo rí ar Éirinn
Nó ‘mo phrionsa ar na céadta,
Go dtabharfainn suas an méid sin
Do phéarla an bhrollaigh bháin.