Eileanóir na Rún – Sean Nós

Eleanóir na Rún

Mo ghrá den chéadfhéachaint thú, a Eileanóir na Rún
Is ort a bhím ag cuimhniú, tráth a mbímse ar mo shuan
Mo ghrá den tsaol ‘s mo chéadsearc ‘s tú is deise ná ban Éireann

‘S a bhruinneallín deas óg ‘s tú is deise is milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, a Eileanóir na rún.

Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann
Is bhí bua aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás
Bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé, sí grá mo chroí is mo chéadsearc

A bhruinneallín deas óg, ‘s tú is deise is milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, a Eileanóir na rún.

An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, a Eileanóir na rún?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfidh thú,
Mo chuid don tsaol is a stór?

Ó, tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé,
Is maith d’aithneoinn an té nach gcáinfidh mé

‘S a bhruinneallín deas óg, ‘s tú is deise milse póg
Chúns a mhairfead beo, beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, a Eileanóir na rún.