Tógfaidh Mé Mo Sheolta – Sean Nós na mBan 2015

Téamaí

Tógfaidh Mé Mo Sheolta

Tóigfidh mé mo sheolta go Dúiche Sheoigheach ar maidin,
Ar cuairt ag mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go dtosaí an Fómhar ag goil chun finne,
‘S nach breá deas an rud í an óige, i ndiaidh mo stóirín atá mise.

‘Mo dhílleachtín cráite sea fágadh mé gan athair,
‘S dá mbeadh mo chliú i ndán dhom cér chás dhom a bheith folamh,
Níl aon fhear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
Nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná goil ar aon chor ag na flaithis.

Agus thuas i gciumhais an tsléibhe tá péarla deas a bhíonns i mo mhealladh,
Óir buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáinne óir faoina hata,
Agus gheall sé dhom go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala
Bí romham ag na crosbhóithre is beidh muid pósta roimh an mhaidin.

Tá fios ag na daoine gur iomaí smaoineamh crua deacair
A théann trasna thríd m’intinn gach oíche ar mo leaba,
Is más fortún atá i ndán dhom cén chás dhom a bheith folamh
Ach ní léir dhom na bóithre ag na deora do mo dhalladh.

Tá féar fada agus fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí ‘gus airní ag fás go hard ar bharr cranna,
Is cuma liomsa céard déarfas aon fhear, ní hí mo chéadsearc a dhéarfas tada,
Más sí do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí istigh ar leac an teallaigh.