Baile Bhúirne

Amhránaí

Baile Bhúirne

Tréimhse a chaitheasa seal go haerach,
I measc mo ghaolta go soilbhir sáimh
Gan suim i gcleasa ná i gcúrsaí an tsaoil seo
Do chuirfeadh m’intinn ar seachrán
Thugas gean ‘s urraim dom’ bhaile dhúchais
Fuair cion ‘s clú ar fud Inse Fáil
‘S ní thréigfeadh feasta don ghrá ró-dhlúth san
Do Bhaile Bhúirne go bhfaighidh mé bás.

Is breá é amharc ar cnoic ‘s a sléibhte
‘S a gleannta féarmhar gach maidin cheoidh
Is fuaim gach caise ag sníomh go héasca
Go sroichfeadh béal na mara móir
Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach
Ag fás go líonmhar i measc gach gleann
Go bhfaigheann an sionnach rua ó scáth ‘s díon ann
An druid chiardhubh ‘s an broc ‘s an chreabhar.

Tá Baile Bhúirne go fairsing fáilteach
I riar nar dtaintibh a ghabhann an treo
‘S go bhfuil grá á lasadh i gcroí gach éinne
Rug thar ar aon ní dá bhfeacaís fós
Bíonn triail na sluaite ar a dTiobraid naofa
Tá na céadta clú is fé ghradam mhóir
Ach impím feasta ar Ghobnait Naofa
Bheith mar dhíon ‘s scáth againn pé áit ina ngeofainn.

Amhráin eile le Eoin Warner