An Lacha Bhacach – Sean Nós na bhFear 2013

Téamaí

A chréatúirín leóinte is brón liom do chreach
Im’ choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
‘S do lapa beag gleoite dár ‘s dar ndóig ina dhá leath.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
‘S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

‘Sé an t-asal is dócha a thug tú le speach.
Ó greadadh go deo air nach mór é theaspach
Chuirfinn bata fuinseoige ag rince sa tóin air
‘Gus ceangal naoi lá air cois teorainn na staic.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Chuirfinn bata fuinseoige ag rince sa tóin air
‘Gus ceangal naoi lá air cois teorainn na staic.

Ó tar anseo im’ dhóid chun go dtomhaisfinn do chneá
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac
Idir bhriseadh ‘gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bacach.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Idir bhriseadh ‘gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bacach.

Ó tar anseo láithreach thar tairsigh isteach
Is fan ann go soláthród duit cláirín is ceirt
Déan cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaimhigh naoi lá air is beir sásta go maith.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Déanfainn cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaimhigh naoi lá air is beir sásta go maith.

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é mheas
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth chun bricfeast
Is easnamh dom shláinte an bascadh seo tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bacach.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Is easnamh dom shláinte an bascadh seo tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bacach.

Ó stopfad lochán duit go snámhfir amach
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bhacach
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.