Caisleán Uí Néill – Sean Nós na mBan 2014

Téamaí

Caisleán Uí Néill

Is céad slán don oíche aréir, 
Sé mo léan is gan í anocht ina tús
Leis an mbuachaillín spéiriúil 
A bhréagadh mé seal ar a ghlúin
‘S cé gur chuir tú orm t-éileamh, 
A mhíle grá bán, is ní leatsa mo rún
‘Gus céad faraor géar, 
Tá na sléibhte goil idir mé ‘s tú.

‘S tá an gairdín seo ina fhásach, 
A mhíle grá bán, ‘s tá mise liom fhéin
‘S tá ma pabhsaetha a’ fás ann 
Is breáichte dhá bhfaca tú riamh
Is ní chluinfear ceol cláirsí ag goil an tsráid seo 
Ná ceol binn na n-éan
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim, 
Cúl álainn, go Caisleán Uí Néill.

‘Gus i gCaisleán Uí Néill 
Atá an péarla bhain díomsa mo ghrá
Is cé go dtug mé fhéin spéis dhó
Sé mo léan géar i ngan fhios don tslua
‘S ar teallach an tí mhóir sea chónaíonn 
Is a chodhlaíonn mo ghrá
‘Gus a shamhail níl le fáil a’m 
Ach an réalt eolais ar an mbaile údaí thall.

Is ba mhilse liom do phóigín 
Ná an rós a thagann faoi bhláth
Is le cumha i ndiaidh mo stóirín 
Ní mó ná go gcodlaím go sámh
Sé an tsamhail a bhéarfainn
Dá mhéin is de leagan a shúl
Is fíoruisce an sléibhe
Is é ag éalú ar maidin sa drúcht.

‘Gus bliain san oíche aréir 
Sea réab na capaill an fál
Is naoi n-oíche ina dhiaidh sin 
Sea d’éalaigh mo ghrá uaim sa snámh.
Is níl tuille dhá mhéid 
Nach gcaitheann sé an fhad eile ag trá
Is níl ann ach lucht bréaga
Agus b’fhéidir go bhfillfeadh mo ghrá.

‘Gus d’aithneoinn mo stóirín 
Is é góil thrí shiopaí Bhleá Cliath.
Agus d’aithneoinn arís é 
Is é ag góil thríd an mbaile údaí thall
Is dá mba liomsa Tír Eoghain 
Is cé gur mór í le tairisc mar spré
Is nár b’fhearr liom a bheith pósta 
Le mo stóirín i gCaisleán Uí Néill.