An Caiptín Ó Máille – Corn Uí Riada 2010

Téamaí

An Caiptín Ó Máille

An chéad lá de mhí an Fhómhair sea chrochamar na seolta,
‘s a tarraingt ar na cóstaí is go Tóin an Mhionnáin siar,
Agus thart anseo le Cliara ‘gus Acaill Bheag taobh thiar di,
Go hlnis Torc ár dtriall, mar beidh aoireacht chruinn againn ann;

Agus síos le Rinn an Mhaoile agus thart le Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin agus Trá Bhríde ina dhiaidh,
Nó gur dhruideamar le fána, thrí fharraigí ‘gus í ag cáitheadh,
Go ndeachaigh muid don Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.

Is ag síneadh dhúinn le Árainn sea mhéadaigh ar an ngála,
Bhí cúrsa istigh ar thráth againn is ní mba tráth faillí é;
Mar gur ardaigh sé chun feochan is as sin chun gaoithe móire,
Gur chrochamar na seolta, ‘gus níor mhór dhúinn é in am;

Mar an fharraige gur léim sí ‘gus las na tonnta tréana
Ó chruinnigh ar na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo
Ach dá mbeadh caint ag na clára, go n-inseoidís scéal cráite
A ghoireacht is chuaigh an bás dúinn is gan eadrainn ach iad.

Bhí criú na loinge ar aon chor  ag dearcadh ar chlár m’éadain,
I súil le cabhair a dhéanamh agus gan aon mhaith dhúinn ann,
Is gur dhúirt mé leo ar aon chor go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a cuid éadaigh an fhad is ab fhéidir leí snámh.

Agus tá mo dhá láimh stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil is tá siad tarraingthe amach on gcnáimh
Ach más é an bás a gheall Mac Dé dhom, cén mhaith dhomsa a bheith dhá shéanadh
Ach a ghoil go flaithis Dé dhom in aon staid amháin.