Bruach na Carra Léith – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Bruach na Carra Léith

Ó éirigh agus cur fál ar an bpáirc a raibh tú aréir.
Mar má théann na ba sa bhfásach nach millfidh siad an féar
Tá crann i lár na páirce ar a bhfásann air bláth féir
Ach má tá i ndáns go dtite an bláth dhó go brách ní fhásfaidh sé.

Is chuala mise a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh,
Le Búrcach as Bun Dorcha is go deimhin ní maith liom é;
Ó grá mo chroí thú, ó thaobh go taobh, is a stóirín fan a’m fhéin,
Mar níl aige ach siopaí folamh ar Bhruach na Carra Léith.

Is go dtaga tuille bháite ar na gamhna a d’ith an féar
Is chuile ghalra báis ar a gcuid máithreacha dá réir
Ó sin is chuile chlampar ar stóirín geal mo chléibh
An rud a d’eitigh sí nár fháigh sí fear sásta mar mé fhéin.

Agus cheap mé fhéin go mba áille thú ná an ghealach is ná an ghrian
Ach ní mar sin fhéin a bhí tú ach i do scáile is tú i bhfad uaim
An té a thógfadh suas ar láimh mé go pálás geal an rí,
Ach an chlúid a mbeadh mo ghrá ann nárbh é an áit é a b’fhearr liom suí.