An Bonnán Buí – Amhráin in Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

An Bonnán Buí

A Bhonnáin Bhuí bhoicht, sé mo thrua do luí thú
Agus tá tú reoite faoi bhun na dtonn.
Tá do ghob ‘gus do scornach ar dhath an óir bhuí
‘S do bhéilín ró-dheas faoi leaca lom.
Dá gcuirfeása scéala fá mo dhéinsa
Rachainn do d’fhéachaint dhá uair roimh a’ lá
‘gus bhainfinn fhéin géimneach as leaca Loch Éirne
Nó go bhfliuchinn do bhéilín is do chroí in do lár.

Ní bó ná gamhna atá mé a’ chaoineadh
An londubh an chéirseach ná an t-éinín glas
Ach an bonnán buí bocht le go dtug mé gnaoi dhó
Is go mba cosúil liom fhéin é a shnua is a dhath
Mar bhíodh sé i gcónaí ag síor-ól na dí
‘Gus deir siad go raibh mé amhlaidh seal
Ach deamhan deoir gá bhfaigh mé nach scaoilfidh mé siar é
Ar eagla is go bhfaighinnse bás le tart.

‘Gus dúirt mo bhean liom ligean don ól
Nó nach mairfinn beo ach seal beag gearr
Séard a dúirt mé léi go raibh sí bréagach
Mar go m’fhada ar mo shaol-sa an deoch úd fháil.
‘S nach bhfeiceann sibh fhéin an buinneán buí bocht.
A chuaigh agus a d’éag leis an tart ar ball.
Ach a chairde Gael, ólaigí a bhfaighidh sibh
Mar deor ní bhfaighidh sibh tar éis a mbáis.

Beidh an lá amárach ó mar an Domhnach is beidh mo phócaí fann go leor
Is go b’iad mná an ósta a chloígh go mór mé,
Sé an méid a d’ól mé a liath mo cheann.
Dheamhan ní dá bhreátha anuas ón Ard Rí
a dtabharfainn-sa biorán air dá bhfaighinn dhe braon
Ach a Rí na Glóire nach mór an truaigh
Nach dtug tú fáil dom de réir mo chroí.