Sail Óg Rua – Amhráin in Ansa Liom

Amhránaí

Sail Óg Rua

Nach mise an trua Mhuire dul go Carraigín an Fhásaigh,
‘s mé ag gol ‘gus ag gárthaíl ‘gus ag déanamh bróin
Mé ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
1s gan fiú an braon bainne agam a thabharfainn dhó.

Is dá mbeadh fhios ag daoine an ríocht ina mbímse
San am a smaoiním ar Shail Óg Rua
Is go bhfuil fuil mo chroí istigh dhá dóirteadh ina braonta
‘Gus a Dhia cén t-ionadh i ndiaidh mo stór.

In aois a sé déag a fuair mé fhéin í,
Nach dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chroí is tú a d’fhág liom fhéin mé
Mar chuaigh tú i gcré uaim i do chailín óg.

Mo ghrá do bhéilín-se nár chum na bréaga
Is bhí do bhrollach álainn mar an eala ag snámh
Bhí do dhá chíoch ghlégeal le mo leanbh a bhréagadh
‘Gus a stór dá b’fhéadfainn ní bhfaighfeá bás.

Dá mbeadh fhios agamsa nach thú a bhí i ndán dhom
Ní dhéanfainn gáirí ná comhrá leat
‘S go bhfuil mo chroí-sa chomh dúinte i ngrá leat
Is go dtógfar áirní de chroí na sceach.

Ach dhá fhaide uaim siar thú in íochtar tíre
Ba dubh í an oíche nó thriallfainn ann
Ach mo thaobh ní shínfidh mé le aon bhean choíchín
Nuair nach bhfuair mé dídean faoi do bhrollach bán.