Úna Bhán – Sean Nós

Téamaí

Úna Bhán

A Úna Bháin Nic Dhiarmaid óig
Fíorscoth Búrcach, Brúnach agus Brianach mór
Bhí do bhéal mar an siúcra, mar an leamhnacht, mar fhíon is mar bheoir
Is do chos deas lúth, ‘sí a shúilfeadh gan fiar i mbróig

A Úna Bhán ba rós i ngáirdín thú
Ba choinnleoir óir ar bhord na bainríona thú
Ba chláirseach cheoil a’ ghabháil an bhóthair seo thú
‘S a stór ‘s a chumann, nach minic mo bhuaireamh thríot.

A shúil is glaise nach ligeann anuas aon bhraon
A bhéal is binne ná guth na gcuach ar chraobh
A thaobh is gile na coipe na gcuan seo thíos
‘S mo chrá bhuaine bhrónach nach pósadh liom thú.

Tá an sneachta ar lár is barr air chomh dearg le fuil
Samhail mo ghrá ní fhaghaim i mbealach ar bith
Ó féachaigí, a mhná, cé mb’fhearr, an t-ochón ansin
Ná an t-aon ghlao amháin ag Áth na Danóige.

A Úna Bhán, nach gránna an luí é siúd ort
Do cheann le fána i measc na mílte corp
Mara dtiocfaidh tú ag fóir orm, a phlandóíg bhí riamh gan locht
Ní thiocfaidh mé ar t’áit go brách ach an oíche anocht.

Na ceithre Úna, na ceithre Áine, na ceithre Máire, is na ceithre Nóra
Na ceithre mná ba ceithre bhreá sna ceithre ceard de Fodhla
Na ceithre tairní a chuaigh sna cúinne sna ceithre chlár ar chónra
Ach mo cheithre ghrán ar na ceithre mná
Nár chuir na ceithre grá in sna ceithre phóga.

Amhráin eile le Lorcán Mac Mathúna