Amhrán Chamais – Sean Nós na mBan 2014

Amhrán Chamais

Is a Mháire tá dícéille ort mura dté tú liom an tsléibhe
Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
Tá do theach mór dhá dhéanamh faoi sheomraí geala in éadan
Agus beidh muid ann le chéile mo léan ar bheagán cíos.

Is tá na comharsain ar gach taobh díot is deise atá in Éirinn
‘S dhá mairtheá na céadta bliain ann níorbh fhada leat do shaol,
‘S go mb’fhearr dhuit ann in aon chor is go mbeidh muid ann in éindí
Ach mar sin ní rachaidh mise leat chun an Gheata Mór arís.

Is dá bhfeicfeá Barr an tSléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí
Níl duibheagán sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth.
Tá an broc ar thaobh an léanna ann, is an sionnach rua ar na péaca
Is an giorria ag boc-léimnigh le pléisiúr insa bhfraoch.

Tá úth na mba ag pléascadh ag teacht abhaile ‘géimneach
Is binn deas ceol na n-éan ann ins an ngleann teacht na hoíche
Tá an fear ‘s a bhean in éindí is iad go grámhar lena chéile.
Is an seanduine bheadh na céadta bliain is níorbh fhada leis a shaol.

Tá an coirce bán is eorna ann tá fataí ‘s rud go leor ann
Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is fáilte roimh gach n-aon
Tá O’Reilly seimint cheoil ann, tá fíon tá brandy ‘s beoir ann
I gcomhluadar daoine móra is an t-airgead dhá roinnt.

Tá an stil ag rith i gcónaí ann is na baraillí dhá líonadh
Tá cead ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
Tá an sagart ann is córa dhá bhfaighfeá in aon deoise
Is a Mháire tóig mo chomhairle, ‘gus tar is éalaigh liom.