An Cailín Fearúil Fionn – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

An Cailín Fearúil Fionn

Is dá mbeadh cúpla bó ag mo stóirín
Nach deas mar a sheolfainn iad
‘S níorbh fhearr liom áit dhá sheolfainn iad
Ná amach le Loch an Ríon
Óir is ann a dhearc mé an óigbhean
Ó go deo deo bhris mo chroí,
‘S mura bhfaighidh mé í le pósadh,
Óir ní mhairfidh mé beo mí.

‘S a stóirín, ná bíodh buaireamh ort,
Dobhrón ná briseadh croí,
‘S ná déanadh aon cheo imní dhuit
Ach aer ‘s spóirt an tsaoil,
Dá mba liomsa fhéin a bhfuil de ór buí
Faoi ghlais i gcomhraí an Rí,
‘S nach dhuitse fhéin a thabharfainn é
Is tú mo chailín fearúil fionn.

Ó mo léan gan mise i m’éinín binn
A bhíonn faoi chleití ar chuile dhath.
Ó threabhfainn fhéin gach réigiún
Ar thóir an chailín deas,
Mar is breáichte í ná Véineas
Ná a bhfuil de mhná sa saol
‘S in ainneoin toil a muintire
Is liomsa a phósfar í.

Ó is mo thrua gan mé i Sasana
Is mé i mo cheannaí snátha,
A stór mo chroí is í in aice liom
Nárbh aerach é ár saol
D’íocfadh sise an reicneáil
Agus cheolfainn-se go binn,
‘S nach snámhfainn-se páirt den fharraige mhór
Le mo chailín fearúil fionn.