An Sceilpín Draighneach – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

An Sceilpín Draighneach

‘Gus  maidin chiúin dár éiríos
Amach faoi bharraí coillte,
Ansiúd a buaileadh an saighead orm,
Is mo leigheas ní raibh le fáil,
Nuair a dhearc mé an bhruinneall mheidhreach
Faoi bhun na sceilpe draighnaigh
Gheit mo chroí le meidhir aici
Ach níor éirigh liom í a fháil.

Is tráthnóinín ag tíocht ón gceol dhom
Sé dhearc mé arís mo stóirín
Bhí a clóicín fá na huachtar a chlúdódh sinn araon
A folt ar dhath an óirbhuí,
Chuireadh slacht ar mhná Chríoch Fódhla
‘S mara bhfágha mé í le pósadh sé mo lóistín seal i gcill.

Is ba bhinne liom í an uair úd
Mar a bhí sí seal dhá luadh liom
Ná ceolta binn na gcuacha is ná ceiliúrín na n-éan
Sin is na ceol cláirsí ná an chlúit an tháltaí bána
Ná na Faoileáin gheala bhána is iad ag snámh i lár Loch Léinn

Is a stóirín tabhair do láimh dhom,
I ngan fhios do na mhaithrín
Agus aithris dhom faoi láthair
Cá luíonn ortsa an phian
Do chúilín traillseach fáinneach
Is do ghrua mar rós i ngáirdín
Is más fíor a bhfuil tú a rá liom
Cuir do láimhín tharamsa aniar.

Ach a  stóirín ó ná tréig mé
I ngeall ar bha ná ar chaoire
Is a airdíocht is a bhéidís ag éalú uaim
In imeacht bliain nó thrí
‘S tá mo mhuintir ar chaon taobh díom
Is deamhan a bhféadaim comhrá a dhéanamh
Is bíonn aithreachas crua ghéar orm
Má théimse amach san oíche.

‘Gus tuige a stór nach scríobhann tú agam in aghaidh na míosa
Cén cuan nó caladh tíre
Sa ríocht seo a mbíonn tú ann
Bím amach faoi bharraí coillte,
‘Gus an drúcht ar feadh mo radharc ann
I ngleanntáin dhorcha mo choigríoch
Is nach mé an cladhaire cloíte i ngrá.

‘S nach truaigh gan mé i mo smóilín,
Agus leanfainn tríd an gceo í
Mar is ise bláth na hóige a thógfadh suas mo chroí,
Bheinn ag seinm cheoil di, ó mhaidin go tráthnóna,
Mar gur le ceiliúrín binn a glórtha thug mé mórghean do mhnaoi.

Muise, is buachaill mé atá aonraic, is ní bheidh mé i bhfad má fhéadaim,
Mar a siúlfad cnoic is sléibhte go dtabharfaí dom mo mhian
Ó Chorcaigh go Binn Éadair, is go Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin,
Is go droichead Bhaile an Léime is go Béal an Átha síos.

Nó éireoidh mise amáireach agus rachaidh mé thar sáile
 Isteach san arm Gallda an áit ar chaith mé tús an tsaoil
‘S ní fhillfidh mé go hÉirinn
Nó go labhraí an chuach sa nGeimhreadh
Nó go mbeidh caisleán ag mo mhuintir,
Is é suite ar thaobh an chuain.