Línseach Bhearna – Corn Uí Riada 2013

Línseach Bhearna

Is ag goil ó Chasla aniar is mé trom tuirseach go mo thriall,
I mBearna ‘sea d’iarras áras.
Agus fuaireas sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a bhfásann flúirse cnó is airní.

Agus déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre mhóir
Le airgead as pócaí an Mháistir,
Is beidh arm seasta i gcóir, ag tíocht ag déanamh spóirt,
Is ag amharc ar an ógfhear álainn.

Is beidh fíon is puins go leor ó eadrainn ar bord,
Agus sláinte fear dhá ól trí ráithe.
Siúd séan ar an oidhre óg nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

Is tá soitheach ag an Línseach a dearnadh ins an tír seo
De chrainnte as coillte a d’fhás dhó.
Is nuair a réiteofar an fleet i bhfoirm i gceart is i gcaoi
Beidh a ngunnaí móra ar dheis a láimhe.

Is nach mór an spóirt an tír nuair a bhéas siad ar fad cruinn
Is a gcuid slata seoil faoi shíodaí bána
‘S nuair a bhéas an chabhlacht linn, tiocfaidh anall an Rí
Is déanfaidh sé cuairt mhíosa i mBearna.

Ach céard a dhéanfas muid ansiúd má théann sé choichín anonn?
Titfidh an dúiche uilig faoi smúit i ngeall air.
Beidh na meachain ó dhiúl na meala le teann cumha
Is na héanlaith scaoileadh a gclúmhach le fána.

Is a Línseach álainn óg a bhfuil lasair in do ghrua
Is a dtigeann éisc ar chuile chuan le gean ort
Ó is gur glaise liom do shúil ná an drúcht maidin chiúin
Is b’é do shamhail bláth na n-úll sa ngáirdín.

Is nach bhfásann cruithneacht fhéin ar an talamh a shiúlann sé
Chomh fairsing is tá féar glas ag fás ann
Óir is gile a thaobh ná an t-aol ‘s deirge a ghrua ná an chaor,
Nuair a aibíonn sí ar chraobh i mBearna.

Tá iníon Rí na Gréige fáil bháis le cumha ina dhéidh
Is níor chodail a súil néal le ráithe.
Is gurbh é a dúirt briathra a béil gur aingeal é dhá tréithibh
As comhluadar Mhic Dé na nGrásta.