Tomás Bán Mac Aogáin – Corn Uí Riada 2014

Téamaí

Tomás Bán Mac Aogáin

‘S ag tíocht ó theach an tórraimh dhom ‘ chuir mé eolas ar mo mhian,
Mo chreach ‘gus mo bhrón di ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing ag goil trasna thríom ’s í ag cónaí i lár mo chroí,
Is, a stór, mar a dtéir tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Is tháinig Tomás Bán ar cuairt agam’s mé in uaigneas liom péin.
Séard dúirt sé, “Ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín dualach a mharaigh mé, is mar i ngeall ort a crochfar mé,
‘S gur measa liom go mór thú ná mo mháithrín a d’oil mé.”

Is a chomharsanaigh is a chomhairleacha ná tógaidh orm é
Mar chuaigh mé ag múineadh an eolais le stóirín gheal mo chléibh
Ní bhfuair mé ariamh droch-chomhairle uaidh go fóill ó rugadh mé,
Is mura bhfeicfinn ach ag goil an bóithrín é go dtógfadh sé mo chroí.

Tá cuireadh go Cill Chainnigh orm agus chaithfeadsa a ghoil ann
Beidh ann seisiún cheathrúin idir Gaeil is Clainne Gall,
Ní chiontófar ann ach beirt eicínt agus crochfar iad, mo léan,
Beidh Tomás Bán Mac Aogáin ann  ’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

Is tá garda breá láidir ag teacht le stór mo chroí,
Rá Gearaltaigh Chluain Dálaigh agus arm  dearg  an Rí
Tá  an Major Óg Ó Conaill ann is Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh.
‘S dhá mbeadh triúr mar Chonaill óg agam, ní chrochfaí stór mo chroí.

‘S a Thomáis Bháin, go cinnte is tú searc is rún mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga an tsaoil,
Óra daorfar thú go cinnte mar a bhfuil ag grásta Dé,
Is, a Chríost, nach mór an feall é ar phlanda breá mar é.

Is níl slad mainistreach  ná teampaill a rinne stór, ó, mo chroí,
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Ach mar gheall ar bhólach Stanley sea crochfar é mo léan,
‘S an té a bhfuil gean ar Chlainne Gall aige, an ceann go gcaille sé.

‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú dhuil i gcill,
Cén t-iontas dho mo mháithrín bheith go brónach in do dhiaidh,
Dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici cén chás di thú a bheith tinn,
Ach tú a bheith crochta as na saltrachaí is an bháisteach le do dhroim.