Úna Dheas Ní Nia – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Téamaí

Úna Dheas Ní Nia

Dá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian
Bheinn go síoraí ag dearcadh dealramh is gile, deise breáthacht
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.

Cén t-ionadh a fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó a’ súil le blas a póigín – ‘sí an ógh a bheannaigh Críost –
Ach i do dhiaidh ní bheidh mé beo mí, le méid a dtug mé grá dhuit
‘Sé an feall gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh, is í gléasta suas go cóiriúil,
Ba gheall leis an réalt eolais í goil romham amach sa tslí.
Ach ní baol seachmall ná ceo ar bith choíchín ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm go mómhar le mo mhian.

Tá a cúilín trilseach fáinneach is é fite i ngar dhá cluasa.
A dá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is fada ó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stuaire,
Mar an áit ar cheap Dia lóistín di i dteorainn Inis Nia.

Dhá mbeadh sí suas in éifeacht in inmhe bheith ina céile
An t-am úd a raibh na Gréigigh ag goil chun troda leis an Traoi,
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is bheadh Páras ina cheann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.

Dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bhonaparte
Saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn ina láimh dhi
Ar uair is gur mise an páirtí a bheadh le Úna dheas Ní Nia.

Sí Úna mhaiseach mhómhar thug barr ar mhná chríoch Fódhla
Le stuaim, le gean is le córtas, lena háileacht is le gnaoi.
Is dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil go mhná breá deasa chríoch Fódhla
Sí Úna Bhán a roghnóinn i dtosach ar mhná an tsaoil.