Táilliúr a’ Mhagadh – Comórtas na bhFear 2014

Is nach thíos ag an tobar sea chuir mise an fáinne amú,
Sea a dhearc mé an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua,
Bhí a grua trí lasadh ‘s a leaca mar bláth na n-úll,
‘S má dhearc mo ghrá mise níor lig sí mo shláinte liom.

‘S dhá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Ó d’osclóinn an doras is ligfinn thú féin isteach,
Chóireoinn do leaba ‘gus luífinn in éineacht leat,
‘Gus bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

‘S a tháilliúir a’ mhagaidh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talamhaí a dhéanfas go domhain mo theach,
A d’éireodh ar maidin is a chraitheadh an síol i gceart,
‘S nach suífeadh cois doras ag feadaíl ná ag ruaigeadh cearc.

Is a tháilliúirín suarach nach postúil mar a d’iarrfá bean
Gan lúib ná pota ná ní ar bith eile i do theach
Do shiosúr is do mhiosúr is thú ag imeacht ó theach go teach
Le do shean snáthaidín meirgeach nach mbuailfeá an dandy cap.

Ins an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
Bíonn ceol binn ag na meachain a’ baint meala de bharr na gcraobh,
‘Bíonn an bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh,
Is mo stóirín dhá mealladh ag fear eile le fáinne an lae.