Is Buachaillín Deas Óg Mé

Amhránaí

Is buachaillín fíor-óg mé a thug mór ghean do mhnaoi,
Is tá grá do chailín óg agam nach bhfágfaidh go deo mo chroí
Is dhá mbeadh gine buí i mo phóca ‘gus an cíos a bheith gan íoc
Ní fhágfainn teach an ósta go n-ólfainn chuile bhraon.

‘Gus anois ag tíocht don fhómhar seo tá súil agamsa le roinnt
Tá súil ar chúpla scór agam nó déileáil leo as a chionn
Tá fiacha go leor leor orm is gan ceo ar bith a’am len iad íoc
Is nach suarach a bheith ag caint ar phósadh gan bóín a’am ná lao.

‘Gus tá féar fada ‘gus fásach san áit a gcónaíonn sí.
Bíonn mil na mbeach faoi Cháisc ann, tá cruithneacht ann is gráin buí,
Bíonn ullaí aibí fás ann, sméara ‘gus sú crainn
Is a stór dhá mbeifeá i ndán dhom níorbh fhada liom an oíche.

Is nach é an truaigh gan mise i mo chónaí ins an áit a gcónaíonn sí
Is dhá mbeinn ag ceann an bhóithrín gheobhainn eolas chun a’ tí
Ach tá bealach fada romhamsa goil idir mé agus í
‘Gus tá súil le Rí na Glóire a’am nach bhfaighidh aon fhear uaim í.

Ó is nach iomaí cailín álainn idir Carna ‘gus Áth Cinn
Bíonn racaí ina gceann acu ‘gus lásaí leo síos,
Mar síleann siad gur breáichte iad ná an ghealach is ná an ghrian,
Ach ní thiúrfainnse mo stóirín ar a bhfuil acu sa saol.

Ó ní thabharfainnse mo stóirín, ar an ór buí
Ní thabharfainnse mo stóirín ar mhórán cailíní,
Ní thabharfainnse mo stóirín, ar airgead an tsaoil
‘Gus má phósann sí fear talúna ní mhairfidh mé beo mí.

‘Gus comhairle a chuir mo mhuintir orm a ghoil ar thóraíocht mnaoi,
Bean a mbeadh cúpla scór aici nó duilliúr den ór buí,
Mar b’fhearr dhomsa go mór mór í bheith macánta céillí,
Ná cailín gan aon fhoghlaim a bheadh ag ceol is i góil fhoinn.