Maidin Álainn Ghréine – Sean Nós 2012

Téamaí

Maidin Álainn Ghréine

Maidin álainn gréine ‘s mé ar thaobh Cnoc na Buaile
Do casadh ainnir taobh liom ‘s a bréid fliuch ón luachair.
Bhí gile is finne in éineacht go gléineach ‘na gruannaibh
Is d’fhág sí m’intinn léanmhar,‘s is baolach nach buan ‘bhead.
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

D’fhiosraíos  go béasach don spéirbhruinneall stuama
Cá bhfuil do ghaol, nó cad é an taobh as ar ghluaisis?
An bean ar fán a’ tsaoil thú gan chéile ar do thuairisc?
Nó an fíor gur tusa Céarnait  a chuir na tréanmhuil ar fuaimint?
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

‘S a óigfhir clumhail léannta ní héinne mé dá ndúrais
Is bean de mhaithibh Gael mé tá léanaithe i gcruatain.
M’ainm cheartsa  Éire ‘s mac Shéarlais dhá lua liom
Mo bhailte poirt ag béaraibh an éithigh ‘s an fhuadaigh.
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Stadfad feasta dem’ dhántaibh táim cráite os na duantaibh
Ag bailiú cíosa is cánach gan fáil ar aon dualgas
Ag feitheamh leis an lá úd nár tháinig chughainn aon fhuascailt
‘S is mór an galar báis dúinn an t-ál so fé chruatain.
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Ná ligse feasta dod’ dhántaibh ní gá duit bheith buartha.
Gí  fada dhúinn ag trácht air, tá’n cháirde linn buailte
Is cúilfhionn maiseach mná mé do tháinig le tuairisc
Go bhfuil Conaill ó Uíbh Ráthach is an lá aige siúd buaite.
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Do thugas croitheadh lámh dhi ‘s céad fáilte roimh an stuaire
Cuireadh stad go lá di go sásta ar a suaimhneas
Do dhéanfainn tinte chnámh di le háthas ar mhórchnoic
Le súil go mbeadh an lá againn is céad ráis ar na huaisle
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Ní neart dom stad go lá cé gur gá dom an suaimhneas
Caithfead triail go Clár Luirc, tá an báire le bualadh
Beidh Sasanaigh is a ndálta gan fáltas dá ruaigeadh
Is Clanna Gael ‘na náitreabh ‘s is áthas liom rómhór é
Is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.