An Chaora Ghlas – Sean Nós na mBan 2015

An Chaora Ghlas

Sé an truaigh é gan mise is mo chéad searc
Ar mhullach an tsléibhe amuigh,
Gan neach ar bith beo inár ngaobhar
Ach an sneachta dhá chur go tiubh,
A dhá láimh i mbrollach mo léine
Is go deimhin níor bhaol linn fuacht
‘S go dtabharfainn póg mhilis dhá béilín
A chuirfeadh na céadta chun suain.

Is tháinig mé isteach ag mo mháithrín
Is mo bhalcaisí báite fliuch,
Ó, muise, a Mhicil na páirte cá raibh tusa ag snámh inniu?
“Nach cuma sin dhuitse, a mháithrín
Ní bhaineann mo cás-sa dhuit,
Ach go ndeachaigh mé i gcontúirt mo bháite
Le Máirín taobh thall den sruth.”

Is déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A sheasfas le linn na bhfear,
Is ní bhainfidh mé an fhéasóg seo dhíomsa
Nó go bhfásfaidh sí míle ar fhad,
Ó siúlfaidh mé thart fud na tíre
Chomh giobalach le caora ghlas,
Is mar a bhfaighidh mise bean ar an gcaoi sin
Ó, tréigfidh mé an tír ar fad.

Is nach é an trua é is mé ag tíocht go Lá ‘le Pádraig
Is mo theanga chomh bán le cailc
Is a liachtaí sin cailín deas álainn as seo go dtí barr na ngealt
A thabharfadh dhom póg is céad fáilte
Is a croithfeadh liom láimh i gceart
Ach a stór os anois a’ fáil bháis mé
Nach galra gan náire é an tart.

Deir mo mhuintir go bhfuil mé is tú pósta
Dár m’anamsa fós nach bhfuil
Is ar a bhfuil de leabhra i mo phócaí
Gur ag dradaireacht leo a bhím
Ó, éirigh is cur ort do chuid éadaigh
‘Gus réiteoidh mé fhéin do chúl
Is mar a bhfaigheadh muid ár bpósadh in Éirinn
Ó beidh muid ag goil anonn.

Is, níl sé ach mí anois ó phós mé
‘Gus is faide liom é ná bliain,
Round the world for sporting
Agus faraor má phós mé riamh,
Ó, gealladh eallach is maoin dhom
Ní bhfuair mé ach lao is bó,
Óra, cailleadh an lao sa ngeimhreadh
‘Gus an t-earrach dar gcionn an bhó.