Art Ó Ceallaigh – Sean Nós na mBan 2022

Art Ó Ceallaigh

Lá dá raibh mise ag taisteal na tíre
i dTí Art Uí Cheallaigh a casadh san oích’ mé
do bhuail mise ‘steach a’ ligint mo scíste
mar go bhfuair mé an teach folamh, ‘gus tine gan daoine,
Is ím bó.

Níorbh fhada nó gear go dtáinig Art ‘un a tí,
Níor dhúirt sé good morrow gur fhiafraigh sé díom
What the devil a dhuine, cá mbíonn tú
Nó cad é an donas ‘sheol chuige mo thí-se thú
Is ím bó.

Shíl sé gur spailpín bhí ag pilleadh ón mhí mé
A ghoidfeadh a hata, a bhata is a bhríste
An spád ón doras, an tsluasáid is a phíce,
haingín a phóca ‘gus dúidín a phíopa
Is ím bó..

Maise b’annamh an straggler ‘teacht chun mo thí-se
Cha dtháinig ariamh is ní thiocfaidh a choíche;
Cha bhíonn anseo ach mise is mo iníon bheag,
Is da mairfeadh m’athair ní thabharfainn dó dídean’
Is ím bó.

Maise is mairg don athair ‘bhí do shaothrú,
muna dtabharfá dó tine, foscadh nó dídean.
Glóir do Dhia, níl lá de mo ghaol leat,
Is is duine thú Art ghiobach, nach bhfuil cosúil le Críostaí,
Is ím bó.

Ara stad de do sheanmóir is lig do do shiansa,
Is ar éagóir nar chodail tú i gcúl claí nó díge;
Nó a dhul chun teach tabhairne a chaitheamh do phigne,
Is tráth bhínnse ‘mo thraibhléir is mar sin a dhéanfainn,
Is ím bó.

Ó tá sé dubh dorcha is é i bhfad san oíche,
Is níl aon tigh tabhairne anois inár ngaobhair;
Bheadh siad ina gcodladh is ba léisc’ orthu éirí,
Is ní fiú do dhola mé an t-aistear a dhéanamh
Is ím bó.

‘Tá an oíche sin sioctha is tá an ghealach ag éirí,
Is níl an t-aistear comh fada is a shíltear;
Siúd suas an bealach is lean é go díreach,
Go droichead na gCailleach is go Cartú na gCaorach’,
Is ím bó.

Ó d’éirigh Art is chuaigh sé a luí ann,
A chodladh gan choisreachadh is sháraigh leis éirí;
D’fhag sé mise sa chistinigh mhaoinigh,
‘Mo luí ar mo leaba is m’iníon ar mo thaobh liom,
Is ím bó.

‘M’anamsa ‘stigh gur chuisle mo chroí thú,
is mas ‘níon d’Art giobach thú, is cóir duit bheith saoithiúil.
Tá m’anamsa istigh i do pháiste beag íochtair
Is cha bhímse beo ar maidin mura bhfaighfidh mé uait faoiseamh’
Is ím bó.