Maidin Fhómhair – Sean Nós na mBan 2022

Téamaí

Maidin Fhómhair

Maidin fhómhair ar mo thriall go Feochaill,
cé chas sa ród orm ach stór mo chroí,
Bhí dhá ghrua aici mar rós an gharraí,
is ba bhinne a glór ná ceol na sí.
Ó leag mé mo lámh ar a brollach rógheal,
is d’iarr mé póigín ar stór mo chroí.
’Sé dúirt sí ‘stop is ná stróic mo chlóca,
níl fios mo nóisin ag fear ar bith’.

Bhí mé oíche taobh istigh d’Fhéil’ Bhríde,
is mé sínte síos le stór mo chroí,
Le geallaí breagach is le mionnaí móra
siar sa ród gur sheol mé liom í.
Is cailín óg mé de chlann Uí Néill,
agus fuair mé comhairle gan a bheith i mo luí,
Chuir sé chun a’ bhaile mé gan fiú mo phósta
is nach bhfaighinn tigh mór ar bheagán cíos.

Ach seo mo lámh duit nach bhfuil mé pósta,
Is buachaill óg mé ’thug gean do mhnaoi,
Agus má théann tú liomsa ar mo thriall go Feochaill
go bhfaighidh tú omóis mar gheobhadh bean tí.
Chuirfinn high crown cap ort den fhaisiún ghallda,
Ó háta, ‘s clóca is fáinne buí,
Siléar foscailte lán fíon’ agus pórtair,
agus do bhuachaill óg ’gabháil leat a luí.

Lean a máthair ’na déidh sa ród í,
gan a snáithe bróg uirthi ’s gruaig le gaoith,
Bhí an t-airgead pósta léi ’na póca
agus go tigh an óil ’sea sheol mé í.
Bhí piúint agus braindí a’ gabháil thart im’ thimpeall,
mar olann Samhna a’ gabháil thart fán bhord,
Nuair a chorraigh an dream chuaigh an chailleach a’damhsa,
agus i gcorrach Leamhchoill do chaill sí bróg.

Ó rinneadh leaba ar hallaí bána
le haghaidh mo théagar agus mise luí,
Bhuail mé an bocsa orthu aos agus óg
agus cha dtéim go Feochaill nó go Droim a’ Tí.
Thug mé liom í go bruach na Bóinne
is thug mé móide go bpósfainn í,
Thug mé féirín di mar gheall le hór buí
‘Gus bhuail mé an bóthar le mo stór san oíche.