Tá na Páipéir Dá Saighneáil – Sean Nós na mBan 2016

Tá na Páipéir Dá Saighneáil

Nuair a éirím-se amach go huaigneach
Is breathnaím anonn ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoiniú ar mo mhíle stóirín
A d’fhág an chrua-arraing thrí mo lár.
‘Gus nach bhfuil mo chroí ina leaca ghual dubh
Is ní le fuath dhuit a mhíle grá
Ach cibé ógfhear a bhéarfas uaim thú
Go síntear siar é i gcónra chláir.

Tá m’arraing thrí bhéal mo chléibhse
A chuirfeadh na céadta fear chun báis
‘S a bhfuil de dhochtúirí uilig in Éirinn
Ní leigheasfadh mé ón mbás.
‘Gus nach dtabharfainn-se mion an Bhíobla
‘Gus bíodh sí agam i mo dhá láimh.
Gur b’fhearr liom bheith bliain i bpríosún
Ná bheith ag plé leis na mná.

Nach aoibhinn do na héiníní
A bhíonns ag éirí go hard,
A bhíonns ag ceiliúradh le chéile
Ar chraoibhín amháin.
Ní hé sin fhéin dhomsa
Ná do mo chéad míle grá,
Is fada fánach óna chéile
A m’bíonns a n-éirí gach lá.

Tá na páipéir dhá saighneáil
Is tá na saighdiúir ag dul anonn.
Tá na drumadóirí aoibhinn aerach
Ag Clanna Gael ag goil go tír na long
Dá mbeadh agamsa nach duitse a bhéarfainn
Céad is dhá mhíle bó,
Ar chuntar tú a bheith i d’fhéirín liom
Go Contae Mhaigh Eo.