Casadh an tSúgáin – Sean Nós na bhFear 2014

Amhránaí

Casadh an tSúgáin

Is nach thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,
Is thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura ligfidh sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

Ó ’gus d’imir mise cleas i dTeach Uí Dhomhnaill aréir,
’S an dara cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
Is an tríú cleas, cén mhaith dhom á chur i bhfad eile i scéal
Chuir an chailleach amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.

Ó agus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúthu aici ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, tapa nó go hard,
Gur chuir mé cois lena cois nó gur bhogamar an súisín geal bán.

’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
’Gus cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí gliobaí, cartaigh, piocaí, pósta ó aréir,
’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.

’Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse an síol go domhain i gcré,
Nach seolfainn ba sna páirceanna is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is deise, is corraí, is airde a chaithfeadh léim,
’S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin?

Ó is má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach i do chroí,
’Sé mo thruaigh le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.