Táimse agus Máire – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Táimse ’gus Máire

Táimse ’gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar chairde thar fhearaibh dhom,
Thógas ar láimh í ’s go brách brách ní scarfaimid.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-di-dí.

Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo,
I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra,
Cruithneacht a’ fás ann chomh hard leis na clathacha,
’S mé ag feitheamh don lá go bhfeicfidh mé aibidh í.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Tá torthaí ag fás im’ gháirdín go slachtaithe,
Úlla, spíonáin agus cuiríní dearga.
Siúcra i mála le ráithe go taiscithe
Chun subh is misleáin don bháb is do bhanaltra.

Mise ag seinm ceoil dóibh, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

’Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil,
Í ag luascadh an chliabháin is an bháb ar a sheanscaireacht.
Stoca ’na láimh is na bioráin innti a’ preabarnaigh,
Í a’ cniotáil is a’ crónán don leanbhín.

Mise ag seinnt ceoil dóibh, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-di-dí.

’Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn,
’S go leanfaidh an t-ádh sinn gan ghátar gan easpa orainn
‘S nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth,
Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parrathas.

Curfá
Mise ag seinnt ceoil dóibh, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-di-dí.