Aisling Gheal – Sean Nós na mBan 2022

Aisling Gheal

Aisling Gheal do shlad trí mo néal mé,
‘S go rabhas-sa tréithlag le seal im luí,
Go rabhas i ngleann cois abhann im’ aonar,
S go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí
Go raibh na camthaí Gall agus Gaelach
Agus claimthe geara ag uaisle an tsaoil,
Ag breith barr áidh is a rá le chéile
Go mbeadh lá na naomh anois le fáil gan mhoill.

Is ba ghearr a ‘seal dom gur dhearcas maighre,
‘Gus gruaig a cinn leí go fear a’ fás,
A dlaoifholt a tíocht mar na réalthaí
Ag titim léi-se go dtí barr a troighe,
A’ scuabadh an drúchta do bharr an fhéir ghlais,
‘S is lúfar éadrom mar a shiúlíodh sí,
A dhá cíoch chruinne ar a hucht go néata,
A grua mar na caortha is ba gheal í a píp.

Do bheannaíos féinig do mo chuid i nGaolaoinn,
Is modhail ‘s is béasach do fhreagair sí,
A phlúr na bhfear, mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé ná táinig mh’aois.
Á dtíodh sa ghreann dúinn clann do dhéanamh,
Is go mbeifeá séantach ins an ghníomh,
Gur gear ón mbás mé, ‘s go bhfágfainn Éire,
Im ghóist im aonair bheinn romhat sa tslí.”

‘S go deimhin féin a óigbhean, dhá mba áil leat mé a phósadh,
Gurbh é ba dhócha ná beimís bocht,
‘s gur gearr go dtógfainn teaghlach nua dhuit,
‘Bheadh go ródheas idir shlinn is cloch.
Do sheinnfinn ceoltha go minic sa ló dhuit,
Agus imirt chóir ar gach cluiche i gceart,
‘S is fíor go bpógfainn ó m’chroí mo stóirín,
Agus bí ar mo thórramh nó tabhair dom gean.

‘S go leagas mo lámh uirthi go béasach
Ó bhun a shtays go dtí barr a troighe,
‘S in aghaidh gach stáir go ndeinfinn a léi dhi
Go bpógfainn a béilín tláth arís.
Nuair a fuaireas-sa dhom gur ghéill sí,
Mo chroí do léim mar an éan ar chraoibh,
‘S trí lár mo smaoinimh gur mhúscail néal mé,
‘S de chumha ‘na déidh siúd, ní mhairfead mí.