Cuisle mo Chroí – Sean Nós na mBan 2025

Téamaí

Cuisle mo Chroí

Do thugas grá cléibh duit, a spéirbhean, ó thús
Ó leagas mo shúil ar do bhánchnis,
Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór atá im phúits
Go mbeifeá sa chlúid ag um mháithrín,
Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú
Is do leabaidh glan chóirithe ó ló ró dhuit id rúm,
Chuirfinn búclaí id bhróga luach corónach is púint,
Is, a stóirín, ná tabharfá do lámh dom?’

‘Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn,
Mar tá scéilín ansúd ag mo mháithrín,
Go bhfuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Go n-ólfá do thriús i dtigh an tábhairne,
Is gur mhinic, a stór, ort ó choróin go dtí púnt
Ag caitheamh do stóir le mná óga gan chlú
Is tar éis díol le fear ceoil ní bheadh feoirling id phúits
Is an dóigh leat cé a thabharfadh a lámh duit.’

‘Ná creidse na bréaga go léir atá ar siúl
Mar is annamh mé ag dul go tigh an tábhairne,
Tá airgead im phócaí agus mórchuid im thrúnc
Is níor chaitheas riamh púnt ar aon láthair,
Beidh a mhalairt de ghnó agam sa bhfómhar atá chughainn,
A’ baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn,
Is mo mhachaí atá lán de bhuaibh bhána agus dubh
Is gan éinne dá gcrú ach mo mháithrín.’

‘Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é le fonn,
Is is dócha gurb é siúd dob fhearr liom,
A dhíolfadh mo mháistir an ráithe seo chughainn
Is, a Dhia, nach aige siúd ’bheinn im scoláire.’
Do thógas ar láimh í go lána a bhí cúng,
Ba ghairid ina dhéidh san go raibh daorphuins dá thabhairt,
Dob fhearr í chun glaoite ná éinne sa rúm
Is do dhíol sí go humhal as a dtáinig.

Ar maidin amárach nuair a d’éirigh an drúcht
Do scread sí is do liúigh sí ar a máithrín,
Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha súl
Is do mhóidigh go dtabharfainn an fán di,
’Riú, dúrtsa léi éisteacht is déanamh go ciúin
Go raghainn ag díol eorna go hEochaill na long,
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach so chughainn,
Is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.

Do ritheas an bóthar is an cóngar anonn
Is ní bhfuaras in aon chúinne den tsráid é,
Go dtánag go suarach fé thuairim a thí
Is bhí ionadh ar na daoine á gcáineadh,
Dá mhéid mo chuid saothair ní dúirt sé liom suí,
Ná, ‘Bain díot do chóta go n-ólfair braon dí’,
Ach an seanduine stuacach ar fhuarma ina shuí
Is gan ruainne ina phíb ach é cnáideach.

‘’Riú, cár ghaibh na stácaí ’bhí timpeall do thí?
Nó cá bhfuil do chaoirigh le n-áireamh?
Nó cár ghaibh an eorna ’bhí in Eochaill le díol?
Nó cá bhfuil do bha ciardhubha is bána?
Ó bhíos-sa chomh baoth is gur ghéilleas dod shlí
Imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth,
Ní phósfainn lem shaol thú dá dtéinn ar an bhflít
Ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.’