Máirín Staunton – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Máirín Staunton

Tá pabhsae gléigeal ar bhruach na céibhe
Agus bhuail sí Deirdre le breáichte is gnaoi,
Is dá n-abrainn Héilin an bhanríon Ghréagach
Ar thit na céadta dá barr sa Traoi.
Tá gile is lasadh inti de réir a chéile,
Is binne a béilín ná cuach ar chraobh,
Is a méin ná a tréatha ní bhfaighfeá in aon bhean
Ó d’éag an péarla a bhí i mBaile Uí Laoi.

Dá bhfeicfeá an spéirbhean is í gafa gléasta,
Lá breá gréine sa tsráid, is í ag siúl,
Solas lasta ina brollach gléigeal
a bhéarfadh léargas do dhall gan súil.
Tá grá na gcéadta i gclár a héadain,
Is geall a féachaint le réalt an luain,
Is dá mbeadh sí in éifeacht le linn na ndéithe,
Ní suas do Véineas a bhéarfaí an t-úll.

Tá a folt ag casadh léi síos go glúine,
ag fí is ag lúbadh go béal a bróig,
Ina dhualta scartha, is é chomh glas le drúchta,
Is ina thraislí ag scuabadh ina diaidh sa ród.
Siúd í an chúileann is gile múinte
Dár oscail súil is dhá maireann beo,
Dá mba liomsa dúiche nó eastát Lord Lucan
Dar brí mo chúise ba liomsa an tseoid.

A com caol cailce is a grua mar rósa
A dhá chíoch comhchruinn os comhair a croí,
A bráid, a leaca is a cúilín ómra,
Is mar dhrúcht an fhómhair sea a bhreathnaíonn sí.
Virgil, Cicearó, nó cumhachta Hóimir
Ní thabharfadh i gcóimheas a scéimh ná a gnaoi.
Chuaigh mé i bpeaca leat, i mbláth na hóige,
Is mura dtaga tú ag ól liom ní mhairfead mí.

Ag siúl nó ag damhsa dá bhfeicfeása an planda
Ó bhéarfá d’ansacht do bhláth na gcraobh;
A grua thrí lasadh is a croí gan angar,
Is nach lách an rud teannadh lena brollach mín.
Cumhachta Shamsóin ná Alexander,
Ar ndóigh, ní shantóinn in áit mo mhian,
Ach tá mé in amhras mura bhfaigheadh cead cainte
Le Máirín Staunton, gur gearrr mo shaol.