Róisín Dubh – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Róisín Dubh

Is fada an réim a lig mé léithí ó inné go inniu
Siúl sléibhte i mo chadhain aonraic ní raibh aon neach eile liom
Loch Éirne chaith mé go léim í cé go mba ard a bhí a sruth
Ó tá m’anam gléigeal ligthe i léig a’am le mo Róisín Dubh.

Ó is a Róisín ná bíodh brón ort ná cás anois
Tá do dheartháir ins an nGearmáin ‘s tá a thriall thar muir
Tiocfaidh do phardún ón bPápa ‘s ón Róimh uilig
Ó ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Dá mbeadh seisreach agam is deas a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Dhéanfainn seanmóir ar an altóir mar a hordaíodh dhom
Thabharfainn póg nua don chailín a lig a h-óighe liom
Ó dhéanfainn cleas deas ar chúl an easa le mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne ina tonnta tréana ‘s beidh an spéir ina fuil
Beidh na bráithre bána ag tíocht thar sáile le cabhrú linn
Bhí smál ort nó gur shanntaigh tú an t-óg fhear glé
Ó cuirigí anonn í sula ndamnóidh sí na h-oird uilig.