Maidin Drúchta le hAis na Siúire – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Maidin Drúchta le hAis na Siúire

Ó maidin drúchta le hais na Siúire ‘s mé go támhach lag faon
Do dhearcas-sa cúilfhionn mhaiseach, mhúinte, ghrámhar, shéimh
Ina raibh an lile ag súgradh trí luisne lonrach mar scáil na gcaor
Gan time i ngnúis ghil an linbh ionraic dob áilne scéimh.

Is blasta búch beacht do bheannaigh dúinne ‘s is páirteach saor.
‘S tapa a d’umhlaíos lem hata cúinneach im láimh go féar;
Ar amharc gnúise ‘gus pearsan cúmtha na báibe is léir
Gur chealg Cúipid le dartaibh tiúbha mé trí lár mo chléibh’.

Is milis muinteartha a dh’fhiosraíos-sa de ghrá mo chléibh
Arbh ise an aoilchnis tré’r tugadh líonrith ‘gus ár na Trae
Nó an mhiochair mhíonla do chuir na mílte le fán an tsaoil
‘S gallasmístigh nár cheannaigh Íosa ina stát fá réim.

“Ó freagair sinn, a ghean mo chroí-se, an tú an bháb do thréig
An fear a bhí aici i gceangal cinnte le grá don Fhéinn,
Nó an dhailtheann ghrinn do bhailigh Naois thar sáile i gcéin
Thug treascairt laoich i gcath na Craoibhe ‘s ár na gcéad.

Nó an mhaiseach mhín mar a bheartaigh draoíthe, dáimh ‘s cléir
Le hais an fhlíos a thug scata laoich thar sáile don Ghréig,
Nó an sibhse do dhlíghidh le cumann díograis páirte ‘s géill
Ar Chonall ríoga cumas ríochta a ghabháil id dhéidh?”

‘S is blasta bog binn a d’fhreagair dúinne is is páirteach saor
Ní ceachtar díobh dár ainmnís is ráitibh mé
Ach bean do bhí fá ghradam ríoga tráth den shaol
I gceannas críche shean is shinsir ardscoth Gael

An t-am feasach sinn cé an bhean do bhí liom tráth a’ plé
Do ghlacas bíogadh ar mhachnamh inste stat an scéil
‘Gus labhair sé go cneasta caoin gan tlás i nGaeilge
Seachain caoi ‘gus glacaigí intinn ard is réim

Mar is gearr a mhoill go bhfeictear buín thar sáile a téacht
Go leanfadh líonmhar i mbarcaibh dínn gan scáth roimh p’léir
Ag glanadh chríocha Clanna Gaeil le hármhac tréan
An aicme tslinn ‘nar cheannaigh Íosa is an lá liom réx

Ó aithchím Íosa do cheannaigh sinn is a fuair páis is péin
Go dtaga ‘na dhiaidh i gceart tráth gan mhoill
Is go bhfeiceam díbirt scaipeadh is sceimhle is áille faobhar
Am aicme tslinn thar n-ais arís, sin dát mo scéil