An Búrcach – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

An Búrcach

A Bhúrcaigh bhuí on gCéim, mar a dtéann an fia chun strae,
Ó fill thar n-ais is beir leat bean do dhéanfadh beart dod réir,
Ná fág id’ dhiaidh an bhé, mar gheall ar bheagán spré.
Mar dá dtíodh a clann sa bhruíon led ais,
Is leat do bhuailfí an ‘sway’.

Mura mbeadh cros a tsaoil is bás a hathar féin,
Bheadh réim is flúirse ag a stoc súd i ngaorthaibh chumhartha réidh
Marcaíocht shochair shéimh, is culaith den tsíoda dhaor,
Ó leaba clúimh fé na cum ‘s a crúitin dúnta léi.

‘S í Neillí Mhichíl Chnáigh, an eala mhúinte mhná,
Is a pearsa súd mar eala mhúinte ‘s a píb mar eala bhláth.
A seomra a’ brúchtaigh lán is a machaí bó ag tál;
Mná dea-chlúmháil na dtithe siúd do riarfadh flúirse aráin.
Ó’s a Bhúrcaigh úd a dtuaidh ó Chiúise Locha Lua,
Beidh ort an léan má thréigeann tú bé geal na gcuach,
Do chéile shocair shuairc de bhé dhis gan ghruaim,
Is tá an chraobh aici ar an gCaolchoill ón dtaobh thoir go cuan.

Níl bean siúil a ghabhadh an tslí, ná baintreach pháistí
Ná go bhfaigheadh sí déirc i gcuntas Dé is an tarna déirc gan díol,
Bráithlín glan gan teimheal is blaincéad chnis chun luí,
Raghaidh a hanam siúd i láthair Dé má táid na bréithre fíor.

Maidin Domhnaigh Dé ‘sea thaistil chugainn thar Chéim,
An ainnir chlúil cneasta mhúinte dob áille gnaoi ‘ gus scéimh.
Bhí lasair dheirg ina gcaor na leacain úir bhoig réidh.
‘Sí a siúl an drúcht go pras ag teacht, gur sciob sí an Búrcach léi.