An Gamhain Geal Bán – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

An Gamhain Geal Bán

Ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh ‘s mé ag imeacht ar m’ábhar féin,
Ar bhruach Toinne Móire sea dhearcas an ainnir dob áille scéimh,
Anuas díom gur luaigeas  mo hata ‘gus d’fhiosraíos rí bhean shéimh
Sé dúirt sí, ‘A fhir mhóir, ná bí id’ sheasamh, suigh farainn go dtráigh a’ saol.’

Diúltaigh don phláigh is don donas, a dhuine suigh síos go lá,
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh agus  tuile ‘sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu ‘fheiscint ba dheise ná í do mhnáibh,
Taréis éalú ó Bhearna na Toinne  ná a mbruinnill go Dún na mBárc.

Dá mbeinnse, airiú, i mBeanntraí an bhile i gCill Chainnigh  nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in Éirinn im’ ghoire ach an bhruinneall sa tsliabh go lá.
Is fíor ach go n-ólfainn a dtuillfinn i gcuileachtain prionsa mná
Nach aoibhinn do réicí na cruinne nuair a imrid cúig thar láimh.

Nach aoibhinn iad Ínseacha ‘n Fhiolair, mar a bhfásann an féar um’ Shamhain
‘S mar a bhfásann an bláth ar an mbiolar,‘s mar a doirtear gach bliain an gamhain
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill, a’ lorg fothain ar ghéagaibh crann
Agus gréithre na gcéir-mbeach a’ sileadh, agus iomarca éisc ar abhainn.

Nach buacach iad cuacha na luiche ag titim go drúcht léi ar bán
Is nach aoibhinn a grua mar a luisne, ba ghile ná ’n déis ar tráigh
A claon-dearc ba réidh is ba gcliste dár thugas di ariamh searc-grá
‘S gur liom-sa ‘gus léi-se nár mhiste, dá mbeadh tuilleadh ‘gus bliain sa lá.

Dá mbeadh agam cúig ag gach cluiche ‘gus cuireata i gcúl mo lámha
‘S go n-iompódh aon chúig acu im’ choinnibh do chuirfeadh mise bun os cionn lem’ ghrá,
D’imeoinn ‘s do shnámhfainn an caise ‘s ní fheithfinn le long ná bád,
‘S ní fhillfinn go brách ar aon duine mara bhfillfinn am’ chubhar cois trá.

Do gluaisíos ar thuairisc na bruinnille, ba bhinne is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch an Doire is ó Inis go Sliabh don stair,
Im’ chuairdibh cé gur mhór iad mo shlite níor thuigead go raibh aon bhean bhreá,
Go dtí stuaire na gruaige breá finne ar a dtugaid an gamhain geal bán.