An Gamhain Geal Bán – Corn Uí Riada 2015
Amhránaí
An Gamhain Geal Bán
Ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh ‘s mé ag imeacht ar m’ábhar féin,
Ar bhruach Toinne Móire sea dhearcas an ainnir dob áille scéimh,
Anuas díom gur luaigeas mo hata ‘gus d’fhiosraíos an rí bhean shéimh
Sé dúirt sí, ‘A fhir mhóir, ná bí id’ sheasamh, suigh farainn go dtráigh a’ saol.’
Diúltaigh don phláigh is don donas, a dhuine suigh síos go lá,
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh agus tuile ‘sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu ‘fheiscint ba dheise ná í do mhnáibh,
Taréis éalú ó Bhearna na Toinne ná an bhruinnill go Dún na mBárc.
Dá mbeinnse, airiú, i mBeanntraí an bhile, i gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in Éirinn im’ ghoire ach an bhruinneall sa tsliabh go lá.
Is fíor ach go n-ólfainn a dtuillfinn i gcuileachtain phrionsa mná
Is nach aoibhinn do réicí na cruinne nuair a imrid cúig thar láimh.
Nach aoibhinn iad Inseacha ‘n Fhiolair, mar a bhfásann an féar um’ Shamhain
‘S mar a bhfásann an bláth ar an mbiolar,‘s mar a doirtear gach bliain a gamhain
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill, a’ lorg fothain ar ghéagaibh crann
Agus gréithre na gcéir-mbeach a’ sileadh, agus iomarca éisc ar abhainn.
Nach buacach iad cuacha na luiche ag titim go drúcht léi ar bán
Is nach uasal í a grua mar a luisne, ba ghile ná ’n déis ar tráigh
A claon-dearc ba réidh is ba chliste do thugas di ariamh searc-grá
‘Gus liomsa ‘gus léi-se nár mhiste, dá mbeadh tuilleadh ‘gus bliain sa lá.
Do gluaiseas ar thuairisc na bruinnille, ba bhinne is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch an Doire is ó Inis go Sliabh don stair,
Im’ chuairdibh cé gur mhór iad mo shlite níor thuigead go raibh aon bhean bhreá,
Go dtí stuaire na gruaige breá finne ar a dtugaid an gamhain geal bán.