Bríde Ní Scannláin – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Bríde Ní Scannláin

Do casadh mé síos go dtí an Town Hall, ag amharc im’ thimpeall le ceann ard,
Mar bhí fógraí breacaithe ar gach falla ‘gus claí ann, go mbeadh pictiúirí istoíche le taispeáint.
Do bhreathnaíos go cruinn ar an ofráil, ar chairt a bhí líonta de dhrongáin,
Isteach tríd an halla bhí sreanga acu fíte ‘s gach éinne ar a dhícheall a’ stúáil.

Im’ aice sa díog do bhí gluaisteán, is sean-bhean chríonna ann a’ fuarghearán,
Dúirt go raibh leata ‘s ná mairfeadh go h-oíche ‘s le creathaibh ag a cír do bhí díoscán.
Do mheallas isteach í ar an ardán, is d’adaíos dí gríosach mhór chadhráin,
‘S nuair a neartaigh an lasair do dhearg sí a píopa, ‘s gan tathant do scaoil sí chugham amhrán.

Ansin d’éirigh ‘na suí chugam le móráil, is d’fhiafraigh a’ rinncfinn léi saghas waltz,
Dúirtsa gur bhfada nár chleachtas an ní sin, mar gur dathacha a chlaoigh mé im’ liúngán.
‘S cé sciúirdfeadh aníos chugainn ach Ceocháin, ‘s do labhair sé go fíochmhar de ghlór ard,
D’fhiosraigh a hainm ‘s é a bagairt na dlí uirthi, go gcaithfeadh sí díol as na cadhráin.

Is ainm dom Bríde Ní Scannláin, níl eagla na dlí orm ón Saorstát,
Mar sé an duine seo im’ aice a d’fhadaigh an ghríosach, ní mise a bheidh thíos leis a’ ndóiteán.
Is ní gá dhuit an maíomh as do chadhráin, seana spairt aoiligh is móin bhán,
Ní fíor san, a chailligh, ach smiorcalach chiardhubh, a cheannaíos ó Sheán Mhaidhc Uí Chríodáin.

Is do tharraing sí aníos chuici faid- sparán, as spaga a bhí thíos lena cliathán.
Ach do luíos uirthi a’ bagairt ‘s a déanamh comharthaí dhi, nó gur chas sí arís ar an sreangán.
Is seo mar a chríochnaigh an deighleáil: do gheallas dó mála mór chadhrán,
Is thug Bríde a banna dá b’fhillfeadh sí choíche, go ndéanfadh leorghníomh as an díobháil.