Cúirt Bhaile Nua – Corn Uí Riada 2014

Cúirt Bhaile Nua

Lá breá dár éiríos ar maidin, ag triall dhom ar Chúirt Bhaile Nua,
Cé a d’fheicfinn ach Neilí ag goil tharam, is ba ró dheas é a leagan ‘s a snua;
Bhí a grua bán ní ba gile ná an eala, ná sneachta mín éadrom an lae,
‘Gus a stóirín, nach trua leat mo chás-sa, mar is lag lúbach a d’fhága tú mé.

Tá teachín deas gleoite insa ngleann a’m, agus bím ann go huaigneach liom fhéin,
Is dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a’m, thabharfainn póigín dheas mhilis dá béal;
Nach iomaí cailín deas a chroithfeadh láimh liom, is a thiocfadh ar cuairt a’m le mí,
Dhá bhfaighinnse leo ór buí ‘gus diamonds, sí Neilí tá i gceartlár mo chroí.

Cén t-iontas dhá lasfadh an talamh, cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí,
Cén t-iontas do mo shúile a bheith leata is a liachtaí deoir a shil siad le mí.
Tá mise tinn brónach le fada, deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín, atá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.

Ach brón ar an té nach mbíonn críonna, is nach ndéanann gach ní mar ba chóir,
Is mise mé fhéin a bhí ciontach nach ndeachaigh mé in am faoina comhair
Óra thabharfainnse cliú agus cáil di, ach níl goir agam labhairt léi níos mó.
Is go siúlfainn seacht ríochta na hÉireann leis an bpéarla ‘tá i gCúirt Bhaile Nua.