Eascann Bhaile na hInse – Corn Uí Riada 2009
Amhránaí
Eascann Bhaile na hInse
Tá eascann i mBaile na hInse agus is binne í faoi thrí ná an chuach,
Nuair a thosaíonn sí feadaíl insan oíche, cloistear í naoi míle ó thuaidh;
Óra, fear as Doire Fhada a chuaigh síos, ní fhaca sé ach binn dhá cluais,
Sé m’fhaitíos go ndéanfaidh sí mísc ‘gus go sábhála Críost Seán Rua.
Óra, éirigh is cuir ort do chuid éadaigh nó go dtéigh muid faoi chomhair na péist,
Go dtuga muid scéala ceart linn a ndearna na húdair bréag;
Más ain-spioraid í a ghluais as dí-deamhain atá ag coinneáil an chuain dhi fhéin
Tá súil agam go gcuirfear í ar siúl le muinín as cumhachta Dé.
Ní chreidfinn focal a mbéil mar cumann siad bréag go humhal,
Nó go dtéinn san aistir mé fhéin is í a fheiceáil le léargas mo shúl;
Nuair a chuaigh muid sa mbealach go díreach ar mheasamar í a bheith ann,
Chriothnaigh an talamh inár dtimpeall ‘gus cluineadh glór binn san áill.
Chonaic mé a heite is a droim, a drioball is rian dhá ceann,
Ba mhó í ná Cnoc Ros a’ Mhíl ‘s ná an Cillín aríst taobh thall;
Nuair a chonaic sí mise taobh thuas dhí, chaith sí naoi n-uaire an chéim,
Agus ghearr mé an Chroich Chéasta an mo ghrua agus choisric Seán Rua é fhéin.
Chuir Hercules ladar ins an saol mar a chuireann siad síos sa leabhar,
“Ní féidir nó tá tú faoi dhraíocht is thú bheith ag caitheamh do shaoil ar abhainn;
An iníon úd, a bhí ag rí fo-thoinn ar arm an tsaoil fuair bua,
Agus sé m’fhaitíos go ndéanfaidh tú mísc is go sábhála Críost Seán Rua.”
Chaithfinnse freagairt don tréad agus shíl mé nach ndéanfainn speech,
Ach tá mé faoi gheasaí, mo léan, faoi iomad mhór an tsaoil;
Óra chuaigh mé thart timpeall na hÉireann is anseo tá mé ag ligean mo scíth,
Nó go bhfeice mé cnámhanna géill mo linbh a d’éag sa nGoirtín.