Úr chnoc chéim mhic cáinte – Sean Nós na bhFear 2025
Amhránaí
Téamaí
Úr Chnoc Chéim Mhic Cáinte
A phlúr na maighdean is úire gné,
Ó clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarlaí, a rún na héigse,
Dhúblaíos féile is fáilte;
A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae geal,
A mhúchfadh léan le gáire,
Sé mo chumhaidh gan mé is tú, a shiúr, linn fhéin
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
Táim brúite i bpéin gan suan, gan néal
De do chumha, a ghéag is áille,
‘S gur tú mo rogha i gCúigibh Éireann,
Cúis nach séanaim ás de;
Dá shiúlfá, a réalt gan smúid, liom féin
Ba súgach saor mo shláinte,
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
A rún mo chléibh, is mar siúd a b’fhearr dhuit
Tús do shaoil a chaitheamh liom,
Ní i gclúid faoi léan ag túirscín bréan
‘Gcionn túirne is péire cardaí;
Gheobhair ciúl na dtéad le lúth na méar
Dod dhúscadh is dréachta grá fós,
Níl aon dún faoin ngréin chomh súgach aerach
le hÚr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte.
Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh
Bhriain luaimnigh bhearnaigh mhásaigh,
Is beidh fuaim guth Béilbhinn cuach is smaolach
Ó suairc ar ghéaga in altaibh;
I bhfuarlinn séimh beidh sluabhuíon éisc
Ag ruagadh a chéile ar snámh ann,
Sé an cuan is léir dhuit uait i gcéin
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
Gluais liom fhéin ar ball beag,
Nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí néalta,
Go suan faoi éadaí bána;
Ó thuaidh go mbéam i bhfad uatha araon,
Teacht nuachruth gréine amárach,
Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
San dún sin Chéin Mhic Cáinte.