Geaftaí Bhaile Buí – Corn Uí Riada 2023
Amhránaí
Téamaí
Geaftaí Bhaile Buí
Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh
A bhí amaideach baoth déanta.
Éaló le mnaoi seal tamaill ins an oíche
Ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí.
Mar bhí mé lag gan bhrí, gan misneach in mo chroí
Is í agam ar mhín-shléibhe;
Ó bhí an codladh i mo chloí ‘s b’éigin domhsa luí
‘Gus d’imigh sí ina fíormhaighdean.
‘Goil a luí don ghréin faoin am seo aréir
Ó nach agamsa a bhí an scéal buartha.
Ba é a shamhailt domh an té a shínfí ins an chré
Ó is a Mhuire nach mé an truaighe.
‘Sé déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair:
“Altaigh leis na mná, a bhuachaill.”
Is an méid a ngoillfeadh orthu mo chás, goilfeadh siad a sáith
Fá mo chroí a bheith in mo lár ina ghual dubh.
Ó dá mbeinnse thall sa Spáinn i mo luí ar leaba an bháis
Is cluinimse do dháil in Éirinn,
A go n-éireoinn chomh sámh leis an bhradán ar an snámh
i nduibheagán i lár na hÉirne.
Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go bráth
Mura bhfaighidh mise scríofa i mBéarla é.
Ná gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás
Mar ag dúil go bhfaighinn sa spás ar éigin.
Is agamsa atá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil
Cé gur soineanta clár a héadain.
Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr
Agus b’fhurasta ár gcás a réiteach.
Madra rua bheith sách, an chaora dhubh ar fáil
Is ní chluinfidh mé go bráth ag éileamh.
Ach m’fhocal duitse a Sheáin, go bhfuil ealaíon ins na mná
Ó ‘gus codail féin go sámh ina n-éagmais.
A Mhuire ‘gus a Rí, nach mairg a bíos
I dtoiseach an tsaoil le pléisiúr
‘S a ghiorracht is a bíos an tinneas a do chloí
‘S a do tharraingt ar na críocha déanach
Ná níl sé ar an domhan ní ar bith is mó
Is peacaí ná is mó a ndéantar
Ná an maighdean dheas óg ór do mhealladh le do phóg
Is a fágáil faoi bhrón ‘na dhiaidh sin.